← Bhí siúl maith acu á dhéanamh agus dá fheabhas é an siúl a bhí acu ní rabhadar ag imeacht aon ní ón bhFairceallach. 🔊✎
← "Ó", ar seisean, "níl aon fhear i seacht gcatha na nGnáth-Fhéinne nach gcuirfidh mé scian agus forc agus pláta ar a aghaidh amach!" 🔊✎
← Bhí a dá lámh faoina hascaill aici agus ní raibh aon éadach óna dá uilinn amach uirthi. 🔊✎
← Bhí cos léi trasna ar an gcos eile agus gan aon bhróg uirthi - í cos-lomnochtaithe. 🔊✎
← Bhí dhá shúil ghlasa ghorma aici agus muince uirthi chomh geal agus a chonaiceadar ar aon bhean riamh. 🔊✎
← Ní raibh aon fhear sa bhFéinn nár thit i ngrá léi ar an bpointe baise. 🔊✎
← Ní raibh aon fhear sa bhFéinn nár chuir sé scian agus forc agus pláta ar a aghaidh amach. 🔊✎
← Le féachaint orthu ní aithneodh éinne orthu go raibh aon ruain ite acu. 🔊✎
← Tháinig an Fairceallach isteach agus ní fhaca sé greim bia ná dí ar aon bhord. 🔊✎
← Níor thug Fionn aon fhreagra air toisc gur lig siad an bia leis na gadhair. 🔊✎
← Níor fhág siad aon ghreim bia ná dí orthu gan slogadh agus siúd chun na tine arís iad i dteannta an tseanduine agus ní aithneodh éinne orthu ar chuir siad aon ní ina mboilg. 🔊✎
← Tháinig an Fairceallach isteach arís don tarna huair agus ní raibh aon ní ar aon bhord ag Fianna Éireann roimhe. 🔊✎
← "Sea, a Fhinn Mhic Chumhaill," a dúirt sé, "an bhfuil aon scéal agat ag imeacht nach raibh agat ag teacht?" 🔊✎
← "Agus inis dom anois," arsa Fionn, "cén saghas iad na sé ghadhar a d'ith ar cuireadh ar na boird, an dá uair, de bhia is de dheoch, agus nach n-aithneodh éinne orthu gur ith siad aon ghreim?" 🔊✎